Sa chomhdháil seo, díreofar ar an tslándáil mhuirí agus beidh sí ina fóram chun idirphlé a dhéanamh leis an lucht tionscail.
Iadsan a bheidh ag freastal ar an gComhdháil seo, is ag obair i ngoirt éagsúla atá siad a bhaineann leis an tslándáil mhuirí ar fud an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair ar na gnéithe beartais, oibríochtúla agus dlíthiúla den tslándáil mhuirí. Beidh ionadaithe ann freisin ó institiúidí idirnáisiúnta ábhartha agus ó thionscal an bhonneagair mhuirí chriticiúil.
Sa chomhdháil, déanfar plé tráthúil ar shaincheisteanna i dtaca leis an tslándáil mhuirí i bhfianaise Straitéis nua na hÉireann ar an tSlándáil Mhuirí Náisiúnta agus mórfhorbairtí san Aontas Eorpach sa réimse sin. Beidh deis ann ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus na cuir chuige a ghlacfar amach anseo i leith cosaint a thabhairt do bhonneagar muiriú criticiúil a chur i gcuntas.