Sa chruinniú de Stiúrthóirí an Bheartais Cosanta, beidh deis neamhfhoirmiúil ag Stiúrthóirí Beartais Cosanta an AE ar an gcosaint straitéiseach a phlé agus ar bhreis comhleanúnachais a chothú agus beartais an AE á bhforbairt go comhchoiteann.
Teacht le chéile tréimhsiúil is ea an Cruinniú Neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí an Bheartais Cosanta arna eagrú ag an tír a bhfuil Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici. Tugtar le chéile ann na hoifigigh shinsearacha sin ar leibhéal na státseirbhíse atá freagrach as an mbeartas cosanta náisiúnta a mhúnlú agus a chomhordú i mBallstáit uile an AE.
San ionad neamhfhoirmiúl úd, déanann Stiúrthóirí an Bheartais Cosanta plé ar mhór-shaincheisteanna straitéiseacha amhail tacaíocht mhíleata an AE don Úcráin agus an chuma a bheidh ar an gcosaint Eorpach amach anseo. Déanann na Ballstáit a seasaimh a chur i gcomhréir le chéile sula ndírítear ar an gcinnteoireacht ar leibhéal na nAirí nó ar leibhéal na Comhairle, agus, ar an gcaoi sin, cinntítear go mbíonn clár oibre cosanta an AE comhsheasmhach ina iomláine.