Sa Chomhdháil ar Dhigiteáil an Cheartais, arna comheagrú ag Uachtaranacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach, féachfar le comhar praiticiúil agus nuálaíocht a chur chun cinn sna córais cheartais ar fud an AE. Is é an phríomhsprioc atá léi réitigh dhigiteacha nithiúla, lena n-áirítear uirlisí IS, atá á bhforbairt de réir straitéis 'CeartasDigiteach@2030' arna glacadh ag an gCoimisiún anuraidh, a chur chun cinn.
San imeacht seo, tiocfaidh lucht ceaptha beartas, ionadaithe ar na Ballstáit, gairmithe ceartais, cleachtóirí dlí agus geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú, dúshláin a shainaithint, agus gealltanais a chothú i leith tuilleadh gníomhaíochta. Trí idirphlé idir na príomhghníomhaithe a éascú, féachfar sa chomhdháil le hidir-inoibritheacht, éifeachtúlacht agus inrochtaineacht na gcóras ceartais san Aontas Eorpach a neartú, rud a chuirfidh, ar deireadh, le limistéar Eorpach ceartais níos nasctha agus níos athléimní.