Reáchtálfaidh Éire an Chomhdháil ar Ghníomh an AE um an Aigéan i Loch Garman an 7 agus an 8 Iúil 2026, ar lena linn a thiocfaidh toscairí le chéile d'fhonn plé a dhéanamh ar Dhréacht-Ghníomh an AE um an Aigéan, ar dlí de chuid an Aontais atá ar na bacáin é, atá beartaithe a chur i ngníomh in 2027, atá ceaptha chun beartais i dtaca leis an aigéan a aontú, an phleanáil spásúil mhuirí a neartú, agus úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí a chur chun cinn.
Beidh ionadaithe sinsearacha ón Rialtas agus Coimisinéirí AE, mar aon le toscairí ó Bhallstáit an Aontais, i láthair.
Is deis straitéiseach é Gníomh an AE um an Aigéan don Aontas Eorpach ar chreat atá cuimsitheach agus atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhunú le haghaidh rialachas ar aigéin, agus tiionscnaimh mhuirí reatha de chuid an Aontais Eorpaigh ina mbonn leis sin, agus siod é a dhéanfar trí bhíthin an Ghnímh úd:
Treisiú le comhsheasmhacht beartas in earnálacha muirí uile an Aontais
Tacú le héiceachórais mhuirí a athbhunú agus a chosaint
Geilleagar gorm inbhuanaithe agus iomaíoch a éascú
Faireachán trédhearcach agus cuntasacht a chinntiú trí oibleagáidí dlíthiúla
An tAontas Eorpach a chur sa riocht go bhféadfaidh sé a bheith ina cheannaire domhanda san eolaíocht aigéin, sa teicneolaíocht aigéin, agus i rialachas na n-aigéan
Tríd an imeacht seo a reáchtáil, éascóidh Éire an t-aistriú chuig bainistiú aontaithe agus inbhuanaithe ar aigéin ar fud an Aontais Eorpaigh.
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Ceardlann de chuid na hUachtaránachta maidir le Saincheisteanna Aeráide Idirnáisiúnta
7 Iúil
Baile Átha Cliath