Ceardlann de chuid na hUachtaránachta maidir le Saincheisteanna Aeráide Idirnáisiúnta

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár

Eolas praiticiúil

Dáta

7 - 8 Iúil 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

Ceardlann de chuid na hUachtaránachta maidir le Saincheisteanna Aeráide Idirnáisiúnta

Déantar Ceardlann Neamhfhoirmiúil na Meithle um Shaincheisteanna Idirnáisiúnta i leith an Chomhshaoil (Athrú Aeráide) a reáchtáil ag tús gach Uachtaránachta agus siod é an chéad uair le linn Uachtaránacht na hÉireann a thiocfaidh Cinn Toscaireachta Bhallstáit an AE um Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) le chéile.

Sa chruinniú seo, beidh deis neamhfhoirmiúil ar thuairimí a mhalartú maidir leis na forbairtí is déanaí, lena n-áirítear na cruinnithe idirsheisiúnacha in Bonn (i mí an Mheithimh), maidir leis na saincheisteanna i leith na caibidlíochta atá ar na bacáin, agus maidir le tosaíochtaí reatha an AE. Beidh deis thábhachtach sa cheardlann ar thús a chur le seasamh an AE do COP31 i mí na Samhna a fhorbairt.