Sa Chomhdháil seo, beidh deis ann ar an dul chin cinn arna dhéanamh sna príomhréimsí beartais uile a thabhairt chun suntais, agus fós na leibhéil éagsúla dul chun cinn i leith comhionannas do dhaoine LADTIA a chur chun cinn ar fud an Aontais a mheas, rud a fhágfaidh go mbeidh an pobal tí chéile in ann spéis a chur inti.
Beidh na réimsí beartais a bhreithneofar sa chomhdháil ag teacht go dlúth le Straitéis an Aontais um Chomhionannas LADTIA, 2026-2030.
Réimse amháin a scrúdófar is ea comhionannas LADTIA ar feadh an tsaoil – trí dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine óga LADTIA agus dá muintir, agus béim ar leith á leagan ar an timpeallacht dhigiteach, agus scrúdú á dhéanamh ar na dúshláin atá le sárú ag daoine LADTIA aosta.
Réimse eile a scrúdófar is ea cosaint na héagsúlachta, lena n-áirítear cuir chuige i leith an leatrom a dhéantar ar dhaoine idirghnéasacha a chomhrac mar aon le rannpháirtíocht phobalbhunaithe agus cleachtais phobalbhunaithe chun sábháilteacht daoine LADTIA a fheabhsú.
San imeacht, tiocfaidh na rialtais náisiúnta, institiúidí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ionadaithe LADTIA den tsochaí shibhialta, agus a thuilleadh nach iad, le chéile chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i leith comhionannas LADTIA a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus ar na dúshláin i dtaca leis sin.