Sa Chomhdháil Ardleibhéil seo, díreofar ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine sa chinnteoireacht i gcúinsí dúshlánacha.
I seisiúin na comhdhála, scrúdófar an dóigh a bhfuil leanaí agus daoine óga á gcur i gcuntas faoi láthair i mbeartais, i seirbhísí agus i gcleachtais ar fud na hEorpa, agus leagfar béim ar na dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun gurbh fhusa iad a chuimsiú agus chun gurbh éifeachtaí an cuimsiú úd.
Sa chomhdháil, rachfar i gcomhairle le daoine óga d'fhonn léargas a fháil ar an taithí atá acu ar a bheith rannpháirteach agus léireofar samplaí de dhea-chleachtais maidir le leanaí agus daoine óga a chuimsiú sa chinnteoireacht.
Ar na toscairí, beidh leanaí agus daoine óga, ionadaithe rialtais, Ballstáit AE, lucht ceaptha beartas agus cleachtóirí.
Rannchuideoidh an chomhdháil go díreach le príomh-shaincheisteanna agus na tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo maidir le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht, lena n-áirítear nuair a chuirtear seirbhís nó beartas chun feidhme i gcomhthéacs dúshlánach nó íogair, a shainaithint.