An Chomhdháil Idirpharliminteach ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus ar an gComhbheartas Slándála agus Cosanta

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Bratach an Aontais

Eolas praiticiúil

Dáta

4 - 6 Samhain 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

Tithe an Oireachtais

Comhdháil idirpharliminteach ina dtiocfaidh Feisirí ó Bhallstáit AE agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le chéile chun na saincheisteanna beartais reatha sin a bhaineann le comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh a phlé.

Déanfaidh an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus um Thrádáil agus an Comhchoiste um Chosaint agus um Shlándáil Náisiúnta comhchathaoirleacht ar an gComhdháil Idirpharlaiminteach ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus ar an gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Is fóram í inar féidir le Comhaltáí de pharlaimintí náisiúnta an Aontais Eorpaigh agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa faisnéis a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála agus comhbheartas slándála agus cosanta an AE a phlé agus a mhalartú. Iarrfar ar shaineolaithe agus ar pholaiteoirí as Éirinn agus as an Eoraip tuairimí agus dea-chleachtais a mhalartú.