Comhdháil idirpharliminteach ina dtiocfaidh Feisirí de pharlaimintí náisiúnta an AE le chéile chun tóraíocht na síochána in aimsir seo na luaineachta domhanda a phlé.
Déanfaidh an Comhchoiste um Chur Chun Feidhme Chomhaontú Aoine an Chéasta cathaoirleacht ar chomhdháil idirpharlaiminteach ina dtiocfaidh Comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta an AE agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le chéile chun tóraíocht na síochána in aimsir seo na luaineachta domhanda a phlé.
Iarrfar ar shaineolaithe agus ar pholaiteoirí as Éirinn agus as an Eoraip tuairimí agus dea-chleachtais a mhalartú.