An Coiste Comhordúcháin i Réimse an Chomhair Póilíneachta agus Bhreithiúnaigh in Ábhair Choiriúla (CATS)

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Comhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais in aice le bratacha Eorpacha agus Náisiúnta

Eolas praiticiúil

Dáta

14 - 15 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Dlí agus Cirt. Gnóthaí Baile agus Imirce

I gcruinniú neamhfhoirmiúil CATS, déanfar plé ar ábhair straitéiseacha agus leathana a bhaineann leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach i réimse dhlí coiriúil an Aontais Eorpaigh.

Is coiste comhairleach ardleibhéil é an Coiste Comhordúcháin i Réimse an Chomhair Póilíneachta agus Bhreithiúnaigh in Ábhair Choiriúla (CATS) arb é is cás leis ábhair leathana a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo is a bhaineann leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla ar leibhéal an AE. Bíonn Ard-Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí ó Aireachtaí Ceartais agus Aireachtaí Gnóthaí Baile na mBallstát i láthair aige, mar aon le hionadaithe sinsearacha ó Ardrúnaíocht na Comhairle, agus ón gCoimisiún Eorpach.