San Fhóram ar an Oideachas ar an bhForbairt Inbhuanaithe, 2026, beidh deis ag lucht déanta beartas, agus acusan a mbíonn beartais á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á meas acu, ó earnálacha oideachais uile na hEorpa scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh ESD rannchuidiú le cláir oibre an AE ar an gcomhshaol, ar an aeráid, ar an gcomhtháthú, ar an daonlathas agus ar an tsíocháin, agus ar thuairmí a mhalartú le chéile agus iad ag déanamh amhlaidh.
Is é atá san Fhóram ar an Oideachas ar an bhForbairt Inbhuanaithe (ESD) imeacht bliantúil a reáchtáiltear faoi scáth Straitéis na hÉireann ar ESD a chur chun cinn anuas go dtí 2030, a bhfuil urraíocht á cur ar fáil ag trí Roinn de chuid an Rialtais lena cur chun feidhme, rud atá ina léiriú ar an gcur chuige i leith na foghlama ar feadh an tsaoil atá ina dhlúthchuid di.
Beidh an cur chuige náisiúnta ina bhonn leis an bhFóram agus beidh deis ann ar phlé idirnaisiúnta a dhéanamh, rud a fhágfaidh go mbeidh caoi ag oidí ar léargas a fháil ar thuairimí agus léirstean a chéile.
Faoi mar ab amhlaidh sna blianta roimhe seo, beidh guth nach beag ag an aos óg i bhFóram 2026.