Is faoi AS ECHO sa Choimisiún Eorpach a reáchtáiltear Ceardlann na gComhordaitheoirí Oiliúna Náisiúnta chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chlár Oiliúna agus Freachnamh Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
I gCeardlann Chomhordaitheoirí Oiliúna Náisiúnta (NTCanna) Uachtaránacht na hÉireann, tiocfaidh Comhordaitheoirí Oiliúna Náisiúnta ó Stáit Rannpháirteacha uile Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár oiliúna agus freachnamh arna reáchtáil faoi UCPM agus chun plé a dhéanamh ar na ceachtanna arna sainaithint ón timthriall oiliúna agus freachnamh roimhe sin, rud a rannchuideoidh le haon dul chun cinn atá beartaithe a dhéanamh i leith chláir oiliúna, freachnamh agus mhalartuithe UCPM. Le linn na ceardlainne trí lá, rachaidh na NTCanna i mbun plé le NTCanna eile, oibreoidh siad i gcomhar leo, comhroinnfidh agus malartóidh siad faisnéis leo, agus tabharfaidh siad an t-eolas is deireanaí dóibh.