Comhdháil an AE ar an Óige

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Mic léinn

Eolas praiticiúil

Dáta

27 - 30 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais

Reáchtálfaidh Éire Comhdháil an AE ar an Óige, ar mórimeacht ar rannpháirtíocht na n-óg agus gné ríthábhachtach d'Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg (EUYD) í. Beidh an chomhdháil ar siúl ón 27 Meán Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath.

Sa chomhdháil, díreofar ar Sprioc 4 an AE don Óige, mar atá Faisnéis agus Idirphlé cuiditheach, téama arna chomhaontú mar chuid de na Trí Uachtaránacht (Uachtaránacht na hÉireann, Uachtaránacht na Liotuáine agus Uachtaránacht na Gréige) agus rannchuideofar inti freisin leis na spriocanna athbhreithnithe don óige le haghaidh Straitéis nua an Aontais Eorpaigh don Óige, atá le bheith ann in 2027, a mhúnlú.

Beidh an cruinniú de na hArd-Stiúrthóirí (AS) don Óige ar siúl díreach tar éis na Comhdhála ar an Óige. Tabharfar cuireadh do na hArd-Stiúrthóirí a bheith i láthair don mhaidin deiridh den Chomhdháil ar an Óige chun a chinntiú go rachaidh daoine óga agus lucht ceaptha beartas chun comhrá le chéile de réir mheon an idirphlé leis an aos óg.