Sa chomhdháil seo, tiocfaidh lucht ceaptha beartas, an lucht tionscail agus eagraíochtaí ionadaíocha le chéile chun an tsábháilteacht ar líne a phlé.
Eagróidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Fóram don Óige roimh an Uachtaránacht d'fhonn cluas a thabhairt do leanaí agus daoine óga agus iad ag caint ar an taithí atá acu ar an saol ar líne agus d'fhonn a dtuairimí a lorg ar an tuiscint atá acu ar an rud is sábháilteacht ar líne ann. Beidh a scrúdófar san Fhóram don Óige ina bhonn leis an bplé a bheidh ag daoine óga i gComhdháil na hUachtaránachta.