Beidh cruinniú iomlánach Ard-Stiúrthóirí an Aontais Eorpaigh don Turasóireacht agus an 25ú Fóram Turasóireachta Eorpach ar siúl 2 lá i mbéal a chéile agus beidh ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún Eorpach, mar aon le haíonna agus cainteoirí a mbeidh cuireadh chuige tugtha dóibh, i láthair ann.
Sa chruinniú idir Ard-Stiúrthóirí Ghníomhaireachtaí Turasóireachta Náisiúnta Bhallstáit an AE, déanfar plé ar na príomh-shaincheisteanna beartais agus straitéiseacha a bhaineann le turasóireacht na hEorpa, lena n-áirítear an reachtaíocht náisiúnta agus na forbairtí reatha úd a bhfuil difear á dhéanamh acu d'earnáil na turasóireachta ar fud na hEorpa.
I bhFóram Turasóireachta na hEorpa (ETF), tagann oifigigh rialtais, ceannairí tionscail, agus geallsealbhóirí le chéile chun na dúshláin atá le sárú ag earnáil na turasóireachta, is na deiseanna atá ann di, a phlé.