Cruinniú Ard-Stiúrthóirí an AE don Neamhleathadh agus don Dí-armáil

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

1 - 4 Samhain 2026

Suíomh

Cill Dara, Éire

Eagraí

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a dhéanann cathaoirleacht ar Chruinniú Neamhfhoirmiúil Stiúrthóirí an AE don Neamhleathadh agus don Dí-armáil. Tagann oifigigh náisiúnta le chéile ann d'fhonn plé a dhéanamh ar chuir chuige chomhchoiteanna de chuid an AE i bhfóraim iltaobhacha agus i gcreataí iltaobhacha i leith airm ollscriosta agus i leith gnáth-arm.

Tiocfaidh oifigigh ó gach Ballstát den AE le chéile chun plé agus comhordú a dhéanamh ar chuir chuige chomhchoiteanna an AE i bhfóraim agus creataí iltaobhacha ábhartha i leith airm ollscriosta agus i leith gnáth-arm. Cruinniú arna reáchtáil faoi gach seal d'Uachtaránacht an AE is ea an cruinniú seo, agus is í Seirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an AE a dhéanann cathaoirleacht air.

Sa chruinniú, déanfar machnamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i bhfóraim iltaobhacha agus i gcreataí conartha na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear: Céad Choiste Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (an Dí-armáil agus an tSlándáil Idirnáisiúnta); an Chomhdháil ar Dhí-armáil; an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach; an Coinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha; an Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha; an Coinbhinsiún maidir le Gnáth-Airm Áirithe; an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (Coinbhinsiún Ottawa); Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Mionairm agus Armáin Éadroma; agus an Conradh Trádála Arm (CTA)