Cruinniú Comhpháirteach Chinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra, Cinn na nGníomhaireachtaí um Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte agus Cinn na nÚdarás Inniúil maidir le Praghsáil agus Aisíocaíocht

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Tástáil fola

Eolas praiticiúil

Dáta

8 Deireadh Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Sláinte

I gCruinniú Comhpháirteach na nGníomhaireachtaí is na nÚdarás, féachfar le comhar a neartú agus comhthuiscint a dhoimhniú sna córais sláinte uile, agus, ar an gcaoi sin, tacófar le rochtain a bheith ag othair ar chógais ar fud an Aontais Eorpaigh.

Soláthraíonn roinnt grúpaí saineolas bunriachtanach chun go bhféadfaidh othair san Aontas Eorpach rochtain a fháil ar chógais. Ina measc sin tá Cinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra, Cinn na nÚdaráis Inniúla Náisiúnta maidir le Praghsáil agus Aisíocaíocht agus Cinn Ghrúpa Gníomhaireachtaí HTA (eagraíochtaí a dhéanann measúnú ar éifeachtacht chliniciúil agus cost-éifeachtúlacht cógas).

Sa chruinniú comhpháirteach seo de na comhlachtaí sin, tacófar le comhar uile-Eorpach agus trasghníomhaireachta i leith cógas, agus, ar an gcaoi sin, cothófar feasacht ar na hidirnaisc idir gníomhaíochtaí na nGníomhaireachtaí rannpháirteacha is na nÚdarás rannpháirteach chun feabhas a chur ar an gcumarsáid agus chun dearcthaí iomlánaíocha ar réimse na gcógas leighis a fheabhsú ar leibhéal uile-Eorpach. Tabharfar deis do na rannpháirtithe ar dhearcthaí agus léargas óna réimsí féin a mhéid a bhaineann siad leis an bplé cuimsitheach a chomhroinnt agus, uime sin, cinnteofar go mbeidh comhthuiscint ann ar na deacrachtaí atá le sárú ag córais sláinte san AE agus beifear in ann teacht ar réitigh mhaithe.