Is cruinniú é seo de na hArd-Stiúrthóirí úd ar a bhfuil cúram an riaracháin phoiblí i mBallstáit an AE, sa Choimisiún Eorpach agus sna tíortha breathnóireachta.
Is iad príomhchuspóirí an líonra neamhfhoirmiúil seo an comhar i measc na riarachán poiblí Eorpach a dhéanamh níos ábhartha agus níos dírithe, agus spriocanna inghnóthaithe soiléire á saothrú agus an comhar sin á dhéanamh, mar aon le bealach éifeachtach a aimsiú le hábhair spéise a roghnú le haghaidh clár oibre comhchoiteann atá i gcomhréir le tosaíochtaí na mBallstát agus leis na tosaíochtaí ar leibhéal an AE, agus na forbairtí agus na díospóireachtaí reatha á gcur i gcuntas ag an am céanna. Sna cruinnithe, éascaítear malartú agus comhroinnt tuairimí, taithí, uirlisí agus dea-chleachtas maidir le hábhair agus réimsí spéise a bhaineann leis an riarachán poiblí.