Is é atá san imeacht seo cruinniú de Choiste na Comhairle um an mBuiséad le haghaidh Ataiséanna Buiséid den AE ó Bhallstáit uile an AE.
Ullmhaíonn an Coiste um an mBuiséad cinntí na Comhairle maidir le buiséad bliantúil an AE, lena n-áirítear an chaibidlíocht a dhéantar air, cur chun feidhme an bhuiséid, agus na leasuithe a dhéantar air. Bíonn sé ag obair ar reachtaíocht airgeadais sin an AE is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Bíonn an Coiste ag plé le hurscaoileadh an bhuiséid agus bíonn sé ag obair i gcomhar le Meithleacha eile maidir le caiteachas agus maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Sa chruinniú, beidh deis ag na toscairí ar oibriú i gcomhar le chéile ar bhealach neamhfhoirmiúil agus beidh clár imeachtaí cultúrtha ann de bhreis ar phríomhchuspóir an tseisiúin oibre.