Cruinniú de chuid na nAirí ar an Easpa Dídine a Chomhrac agus cruinniú de chomhaltaí an Ardáin Eorpaigh chun an easpa dídine a chomhrac

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Meascán d'aghaidheanna éagsúla

Eolas praiticiúil

Dáta

25 - 27 Samhain 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, reáchtálfaidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cruinniú d'Airí de chuid an Aontais Eorpaigh chun an easpa dídine a phlé. Sa chruinniú seo, beidh deis ag Airí ar theacht le chéile chun beartais réamhghníomhacha a phlé agus a fhorbairt d'fhonn an easpa dídine a chomhrac ar an leibhéal Eorpach.

"Den chéad uair riamh, tiocfaidh na hAirí sin ar a bhfuil cúram na heaspa dídine agus cúram na tithíochta le chéile chun tosaíochtaí comhroinnte a phlé, lena n-áirítear príomhghnéithe de Phlean an Aontais um Thithíocht Inacmhainne (a foilsíodh i Nollaig 2025), agus béim á leagan ar eisiamh tithíochta chun tacú le daoine leochaileacha a bhfuil éiginnteacht ann maidir lena n-áit chónaithe agus chun an easpa dídine a chosc agus chun aghaidh a thabhairt uirthi.

San imeacht freisin, beidh cruinniú ag ionadaithe ar chomhaltaí den Ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac, a cruthaíodh d'éis Chomhdháil Liospóin in 2021, agus saineolaithe agus comhlachais eile a mbíonn an easpa dídine á comhrac go gníomhach acu.

Sa chruinniú den Ardán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac (EPOCH), beidh deis ar chomhar a dhéanamh le geallsealbhóirí, agus ar oibriú leo, lena n-áirítear soláthraithe cathrach agus seirbhíse i dtreo is go bhféadfar eolas agus dea-chleachtais a mhalartú ar dhóigh níos fearr, cuir chuige éifeachtúla agus nuálacha a shainaithint, agus dul chun cinn a dhéanamh i leith an easpa dídine a dhíothú. Is sprioc nithiúil a d'fhéadfaí a bhaint amach é an tArdán freisin de Phrionsabal 19 an Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, eadhon Tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean a chur chun feidhme.

Is é cuspóir an Ardáin comhthuiscint agus comhghealltanas a chothú agus a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn nithiúil sna Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na heaspa dídine.

Rachaidh Éire i mbun na hUachtaránachta tráth a bheidh athbhreithniú meántéarmach á dhéanamh ar EPOCH. Beidh cúig bliana ann ó seoladh EPOCH agus, sa chomhthéacs sin, is tráthúil athbhreithniú a dhéanamh ar obair an Ardáin agus ar na pleananna oibre a bheidh ann amach anseo.

Sa bhreis air sin, i Nollaig 2025, d'fhoilsigh an Coimisiún Plean an Aontais um Thithíocht Inacmhainne, inar áiríodh sprioc 'go ndéanfadh an Chomhairle moladh i dtaca le heisiamh tithíochta a chomhrac chun tacú le daoine leochaileacha a bhfuil éiginnteacht ann maidir lena n-áit chónaithe agus chun an easpa dídine a chosc agus chun aghaidh a thabhairt uirthi'. Cuirfear an tionscnamh úd i láthair i gcomhthéacs na Straitéise i gcoinne na Bochtaineachta, ar straitéis í atá ar na bacáin, agus beidh cuid oibre EPOCH ina bonn leis