Freastalóidh Toscairí/Ambasadóirí Aeráide ó Bhallstáit an AE agus páirtithe leasmhara seachtracha ar an gcruinniú.
Déanfaidh Éire agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí comhchathaoirleacht ar an gcruinniú.
Sa chruinniú seo, beidh deis ar phlé domhain a dhéanamh ar thosaíochtaí straitéiseacha don AE roimh chaibidlíocht Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP). Is tráth tábhachtach é chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbliain go dtí seo agus chun comhordú agus comhleanúnachas a chinntiú sna teachtaireachtaí uile trí thaidhleoireacht aeráide an AE.