Reáchtálfaidh Éire Cruinniú de Líonra EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026.
Sa chruinniú seo, tiocfaidh ionadaithe ó EPSO, lena n-áirítear toscairí náisiúnta a bhfuil baint acu le gairmeacha de chuid an AE a chur chun cinn agus le cúrsaí earcaíochta a chomhordú, le chéile. I measc na ndaoine a bheidh i láthair, beidh oifigigh shinsearacha ó na riaracháin phoiblí i mBallstáit uile an AE, foireann EPSO, agus saineolaithe atá ag obair i réimsí amhail earcaíocht, mealladh daoine tréitheacha, agus an beartas ar acmhainní daonna ar leibhéal an AE. Ós í an Ballstát a réachtálfaidh an cruinniú í, glacfaidh Éire páirt ann agus éascóidh sí comhar idir páirtithe leasmhara acmhainní daonna agus earcaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE.
Beidh ról tábhachtach ag an gcruinniú maidir le tacú le freagrachtaí na hÉireann le linn a hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is príomhthosaíocht ag na Ballstáit creataí acmhainní daonna an AE a neartú agus a nuachóiriú, agus tá obair EPSO (nósanna imeachta roghnúcháin cothroma, trédhearcacha, ilteangacha a chomhordú le haghaidh institiúidí an AE) mar bhonn agus mar thaca ag cáilíocht agus éagsúlacht sheirbhís shibhialta an AE.
Trí Chruinniú Líonra EPSO a reáchtáil, beidh Éire in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
Tacú le comhar uile-Aontais maidir le beartais earcaíochta agus maidir le dea-chleachtais, agus, ar an gcaoi sin, a chinntiú go leanfaidh institiúidí an AE d’iarrthóirí oilte a mhealladh ó na Ballstáit uile.
Gealltanas na hÉireann feabhas a chur ar chreat lucht saothair an AE le linn a téarma Uachtaránachta a léiriú.
Idirghníomhú na hÉireann le cur chuige iomlaoideach EPSO i leith próisis roghnúcháin a neartú, rud a bheidh thar a bheith ábhartha agus EPSO ag déanamh nuachóiriú ar a chórais tástála agus ag ullmhú comórtais nua.
Dul chun cinn a dhéanamh i leith Éireannaigh a spreagadh le dul le gairm bheatha de ghairmeacha beatha an AE, agus tacú leis na hiarrachtaí náisiúnta ar chothromaíocht gheografach a mhéadú laistigh d'institiúidí an AE.