Cruinniú débhliantúil d'eacnamaithe trádála ó Bhallstáit an AE.
I Líonra na nEacnamaithe Trádála, tagann eacnamaithe ó riaracháin sin an AE atá freagrach as an mbeartas trádála agus ó institiúidí taighde gaolmhara le chéile ar thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh.
Is iad an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na hÉireann a eagraíonn an cruinniú i dteannta a chéile agus fóram is ea é inar féidir le heacnamaithe trádála ó gach cearn den AE plé a dhéanamh ar thionchar na saincheisteanna beartais trádála reatha, a n-anailísí agus a bpáipéir féin a chur i láthair, agus eolas agus modheolaíochtaí a chomhroinnt. Dá réir sin, is é atá ann ná fóram inar féidir le daoine foghlaim óna chéile agus inar féidir forbairt beartas trádála fianaise-bhunaithe a chur chun cinn.