Beidh cruinniú de na hArd-Stiúrthóirí don Chomhshaol agus don Aeráid ar siúl i mBaile Átha Cliath, Éire, an 21 agus an 22 Meán Fómhair 2026.
Sa chruinniú seo, déanfar tuilleadh caibidlíochta ar thosaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha i réimse an chomhshaoil agus na haeráide. Beidh oifigigh shinsearacha d'Aireachtaí Comhshaoil agus Aeráide ó gach cearn den Aontas Eorpach agus a gcomhionann sin sa Choimisiún Eorpach i láthair aige. Mar gheall ar an leagan amach úd, beifear in ann dul i mbun plé teicniúil mionsonraithe agus scrúdú a dhéanamh ar chomhsheasaimh roimh chruinnithe na Comhairle, rud a fhágfaidh go bhféadfar teacht ar chomhaontú polaitiúil.