Cruinniú de na Príomh-Oifigigh Sláinte Plandaí

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

8 - 9 Deireadh Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Reáchtálfaidh Éire an cruinniú nemhfhoirmiúil seo de Phríomh-Oifigigh Sláinte Plandaí Bhallstáit an AE.

Sa chruinniú, beidh na Príomh-Oifigigh Sláinte Plandaí agus an Coimisiún Eorpach in ann plé ardleibhéil a dhéanamh ar na beartais agus ar an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí.

I gcaitheamh an chruinnithe, beidh deis ag na Príomh-Oifigigh Sláinte Plandaí ar eolas, taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le nithe a bhaineann le sláinte plandaí, agus na dúshláin is na rioscaí atá ag teacht chun cinn i leith sláinte plandaí a phlé i gcomhthéacs neamhfhoirmiúil.

Is amhlaidh atá an cruinniú seo ina chomhlánú ar chruinnithe forimiúla na bPríomh-Oifigigh Sláinte Plandaí agus is é a dhéantar ann ábhair a bhféadfaí tuilleadh plé a dhéanamh orthu sna cruinnithe foirmiúla a shainaithint is a fhorbairt.