Is cruinniú de Stiúrthóirí an AE don Afraic é an t-imeacht seo chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tírshonracha, réigiúnacha agus ilchríochacha a bhaineann leis an Afraic Fho-Shahárach.
Tabharfar cuireadh do Stiúrthóirí don Afraic sin Bhallstáit uile an AE teacht go hÉirinn chun freastal ar an gcruinniú seo. Is cuid thábhachtach de chlár na hUachtaránachta é toisc go rannchuidíonn sé le cur chuige comhordaithe an AE sa réigiún a neartú. Ós rud é gur cruinniú neamhfhoirmiúil é, bíonn oifigigh in ann teacht ar chomhdhearcadh roimh an bplé foirmiúil.