Cruinniú den Choiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA)

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Teifeach ón Úcráin agus madra léi ag ionad fáiltithe

Eolas praiticiúil

Dáta

8 - 9 Iúil 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce

Is é atá sa Choiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) cruinniú de choiste oifigeach sinsearach ina ndéantar saincheisteanna straitéiseacha maidir le himirce, maidir le tearmann, agus maidir le teorainneacha, a mheas.

Beidh oifigigh shinsearacha ó Bhallstáit an AE, ó Thíortha Comhlachaithe Schengen, ón gCoimisiún Eorpach agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an AE i láthair ag an gcruinniú seo. Tá sé d'aidhm ag an gcruinniú seo malartú faisnéise agus idirphlé straitéiseach ardleibhéil a éascú maidir le saincheisteanna nua agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse na himirce, i réimse an tearmainn agus i réimse an bhainistithe teorainneacha.