Cruinniú den Mheitheal um an gComhshaol

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

14 - 17 Iúil 2026

Suíomh

Gaillimh, Éire

Eagraí

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Rachaidh Ataiséanna Comhshaoil agus Aeráide ó Bhallstáit an AE agus CSTE chun na Gaillimhe in Éirinn d'fhonn léargas a fháil ar an mbithéagsúlacht áitiúil, ar thioncsnaimh ar an inbhuanaitheacht agus ar ghníomhaíochtaí I leith na haeráide.

Beidh cuairteanna ar an láithreán, maille le plé le speisialtóirí comhshaoil, lucht déanta beartas agus acadóirí, ina gcuid den chúrsa taistil. Tabharfar léargas do na toscairí ar an dóigh a ndéanann Éire reachtaíocht chomhshaoil an AE, tionsnaimh inbhuanaitheachta, mar aon le beartais d'fhonn an bhithéagsúlacht a chosaint, a chur chun feidhme.

San imeacht, beidh deis ag na hAtaiséanna ar theacht le chéile chun eolas a chomhroinnt, ar an gcaidreamh atá ann cheana a neartú, agus ar bhlaiseadh a fháil de chultúr agus oidhreacht na hÉireann, mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.