Beidh cruinniú ag an Sainghrúpa Eorpach um Acmhainní Mianracha i mBaile Átha Cliath in Éirinn ón 6 Deireadh Fómhair go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2026. Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann laistigh den Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil a reáchtálfaidh an cruinniú sin.
San imeacht seo, tiocfaidh ionadaithe ó gach Ballstát agus ó stáit chomhlachaithe an LEE le chéile chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla a mhéid a bhaineann le taiscéalaíocht mianraí agus le meastóireacht ar dhramhaíl eastóscach i gcomhthéacs an gheilleagair chiorclaigh.
Reáchtálfar san imeacht freisin an cruinniú oibre deiridh ar chlár na Seirbhíse Geolaíochta don Eoraip – tríd an gclár úd, déantar príomhsheirbhís faisnéise an AE a mhéid a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, le hacmhainní fuinnimh, le dinimic screamhuisce agus le faisnéis ar an athrú aeráide, ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do pháirtithe leasmhara eile beartais.