Cruinniú Mullaigh ar Chomhdháil LXXVI de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC)

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Bratacha an Aontais sa Bhruiséil

Eolas praiticiúil

Dáta

6 - 8 Nollaig 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

Tithe an Oireachtais

Cruinniú de Chomhaltaí de chuid na gCoistí um Ghnóthaí an Aontais ó pharlaimintí náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa chun saincheisteanna tráthúla ar chlár AE a phlé.

Fóram is ea an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh (COSAC) inar féidir le Coistí na bparlaimintí náisiúnta um Ghnóthaí an AE agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú le chéile go rialta.

Iarrfar ar shaineolaithe agus polaiteoirí as Éirinn agus as an Eoraip tuairimí agus dea-chleachtais maidir le hábhair leasa choitinn ar chlár oibre an AE a mhalartú.