Freastalóidh oifigigh rialtais shinsearacha ar a bhfuil cúram an bheartais ardoideachais ar Chruinniú na nArd-Stiúrthóirí don Ardoideachas.
Is éard atá i gcruinniú na nArd-Stiúrthóireacht don Ardoideachas imeacht ina ndéantar príomhchuir i láthair, ina dtéitear i mbun seisiúin ar an imeall, ina dtugtar cuairt ar láithreán cultúrtha, ina dtugtar cuairt ar institiúid ardoideachais, agus ina gcaitear dinnéar ceiliúrtha.
Siod é aidhm an chruinnithe:
Dul chun cinn a dhéanamh i leith an idirphlé ar phríomhábhair in Ardoideachas an AE
Comhar agus imeascadh a chur chun cinn
Plé agus teacht ar chomhdhearcadh a éascú chun an beartas ardoideachais a mhúnlú i mór-réimsí straitéiseacha
Comhar níos láidre a chothú
Tacú le Limistéar Eorpach Ardoideachais atá comhleanúnach agus nuálach a chur chun cinn.
Beidh sé de phríomhchuspóir leis an gcruinniú léargas a thabhairt ar an bhforbairt arna déanamh ag Éirinn, ó thaobh beartais de, ar chúrsaí ardoideachais do dhaoine faoi mhíchumas intleachta. Áireofar air sin cuir i láthair ó phríomhpháirtithe leasmhara, agus cuairt ar Ollscoil, i dtreo is go bhféadfar, agus na cláir do dhaoine faoi mhíchumas intleachta ar bun, taithí rathúil agus éifeachtach a fháil ar an bhfoghlaim.