Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an iomaíochas (an margadh inmheánach agus an tionscal) ar siúl an 9 agus an 10 Iúil i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta na hÉireann, Peter Burke, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus beidh Airí Iomaíochais sin 26 Bhallstáit eile an AE, maille le tíortha úd Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, mar atá an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis, i láthair aige.
Tríd an gcruinniú neamhfhoirmiúil de na hAirí Iomaíochais a reáchtáil i mBaile Átha Cliath, beidh sé d'aidhm ag Uachtaránacht na hÉireann ar an AE an bealach a réiteach d'idirphlé ar Eoraip atá iomaíoch, atá inbhuanaithe, agus atá dírithe ar thomhaltóirí, a chur chun cinn. Sa phlé a dhéanfar, díreofar ar shaincheisteanna criticiúla, lena n-áirítear cur chun feidhme an chláir oibre ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ chun dlús a chur le feabhsuithe ar fud an Aontais agus chun an Margadh Aonair a neartú, go háirithe trí dheireadh a chur leis na bacainní sin a dhéanann difear do FBManna a bhíonn ag gabháil d’idirbhearta trasteorann agus do sheirbhísí digiteacha.
Tá an Chomhairle Iomaíochais (COMPET) (an Margadh Aonair agus an Tionscal) ar cheann de dheich bhfoirmíocht reatha Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus tá inti na hAirí sin atá freagrach as an ngeilleagar, as an margadh inmheánach agus as an tionscal. Bíonn cruinnithe aici go rialta chun díriú ar an margadh aonair agus ar bheartais chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní ar ghluaiseacht trasteorann, treisiú le rochtain ar mhaoiniú, rómhaorlathas a laghdú, nuálaíocht a chothú, agus cosaint a thabhairt do mhaoin intleachtúil le haghaidh gnólachtaí, mar aon le tomhaltóirí san AE a chosaint agus a chumhachtú.