Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an mBeartas Comhtháthaithe ar siúl an 14 agus an 15 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin na hÉireann, Jack Chambers, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil ina dtiocfaidh Airí ó gach cearn den Aontas Eorpach le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcuma a bheidh ar bheartas comhtháthaithe an AE amach anseo.
Is é Beartas Comhtháthaithe an AE príomhstraitéis infheistíochta an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha i measc na réigiún.
Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, cinnteofar go leanfar, tríd an mbeartas comhtháthaithe, de bheith ag díriú ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus críochacha ionas go mbeidh deis ag na saoránaigh uile ar pháirt a ghlacadh i saol eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais.
Sa chruinniú neamhfhoirmiúil, tabharfar caoi do na hAirí ar dhul i mbun idirphlé ar thionscnaimh a bhaineann le ceapadh, cistiú agus cur chun feidhme an Bheartais Comhtháthaithe amach anseo tar éis na tréimhse buiséadaí reatha. Tríd is tríd, sa chruinniú, beidh deis ar mhachnamh straitéiseach a dhéanamh, ar smaointe a mhalartú, ar thosaíochtaí téamacha a shainaithint, agus ar theacht ar chomhdhearcadh agus dul chun cinn á dhéanamh i leith na caibidlíochta roimh thús chlárthréimhse 2028-2035.