Cruinniú neamhfhoirmiúil de na hAirí Talmhaíochta (AGRIFISH, Talmhaíocht)

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Tarracóir i mbun treafa lá samhraidh

Eolas praiticiúil

Dáta

6 - 8 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí sin an AE atá freagrach as an talmhaíocht ar siúl idir an 6 agus an 8 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath.

Is é Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann, Martin Heydon, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus tiocfaidh Airí, an Coimisiún Eorpach, agus oifigigh shinsearacha le chéile ann chun plé a dhéanamh ar na príomh-shaincheisteanna atá ann maidir lena bhfuil i ndán do thalmhaíocht na hEorpa, agus cuirfidh siad béim ar leith ar ról an Bheostoic i dTalmhaíocht na hEorpa agus an plé sin ar bun acu.

Sa chruinniú, beidh deis ar phlé trédhearcach a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leis an bhfeirmeoireacht stoic agus táirgeadh bia leanúint de bheith inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach, agus fós tacú le slándáil an tsoláthair bia, leis an athnuachan ó ghlúin go glúin agus le pobail tuaithe.

Sa chlár a bheidh ag gabháil leis an imeacht, tabharfar léargas ar láidreachtaí na hÉireann sa talmhaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht, agus tacófar leis an bplé ar na príomh-shaincheisteanna atá ann i leith na hearnála.