Is cruinniú neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí an AE don Fhorbairt é seo.
Sa chruinniú, a bheidh ar siúl an 9 agus an 10 Meán Fómhair, tiocfaidh Ard-Stiúrthóirí agus a gcomhionann sin in Aireachtaí um Chomhar Eachtrach agus Forbartha ó Bhallstáit an AE, maille le hoifigigh shinsearacha ón gCoimisiún Eorpach agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le chéile chun plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais agus ar an treoir straitéiseach i leith chomhar um fhorbairt agus cúnamh daonnúil an AE. Sa chruinniú freisin, beifear in ann ullmhú a dhéanamh roimh an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt) atá le bheith ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.