Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí sin an AE atá freagrach as an bhforbairt ar siúl an 8 agus an 9 Deireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Stáit na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta agus an Diaspóra, Neale Richmond, TD, a reáchtálfaidh an cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE) san fhoirmíocht forbraíochta.
Tiocfaidh Airí den AE le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin i leith an chomhair forbartha nach bhfacthas a leithéidí riamh cheana agus chun idirphlé straitéiseach a éascú ar a thábhachtaí atá an obair atá ar bun ag an AE i dteannta na dtíortha comhpháirtíochta mar chomhpháirtí iontaofa agus prionsabálta, trína mbítear ag bunú comhpháirtíochtaí atá chun tairbhe na gcomhpháirtithe uile.
Tá cruinniú foirmiúil GCE (Forbairt) le bheith ar siúl an 1 Nollaig, sa Bhruiséil.