Cuimsíonn Líonra ATLAS aonaid speisialta idirghabhála forfheidhmithe dlí Bhallstáit an AE agus aonaid speisialta idirghabhála forfheidhmithe dlí na dtíortha comhlacha. I dteannta a chéile, bíonn na scothaonaid sin réidh, 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, le freagairt ar ghéarchéimeanna a bhfuil difear á dhéanamh acu do Shlándáil na hEorpa.