HMA 2: Cinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra (Cruinniú Ar Líne)

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Tástáil fola

Eolas praiticiúil

Dáta

11 Nollaig 2026

Suíomh

Físchomhdháil

Eagraí

An Roinn Sláinte

Is ionann Cinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra (HMA) agus líonra cheannairí na ngníomhaireachtaí rialála cógas náisiúnta. Bíonn HMA ag obair i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus leis an gCoimisiún Eorpach d'fhonn Líonra Údarás Rialála Cógas an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú.

Is é atá i gCinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra (HMA) líonra cheannairí na ngníomhaireachtaí rialála cógas náisiúnta. Bíonn HMA ag obair i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus leis an gCoimisiún Eorpach i leith fheidhmiú Líonra Údarás Rialála Cógas an Aontais Eorpaigh.

Tagann HMA le chéile faoi dhó le linn gach Uachtaránachta chun tosaíochtaí agus tionscnaimh straitéiseacha an líonra a phlé agus a chur chun cinn, agus tagann ceannairí sinsearacha Líonra Údarás Rialála Cógas an Aontais Eorpaigh le chéile chun déanamh amhlaidh. I measc na ndaoine a bhíonn i láthair ag an gcruinniú, tá ceannairí na ngníomhaireachtaí leighis náisiúnta agus a n-ionadaithe sinsearacha. Bíonn ionadaithe ón EMA agus ón gCoimisiún Eorpach i láthair ag an gcruinniú freisin.

I gcruinniú HMA, bíonn deis ag ceannairí sinsearacha Líonra Údarás Rialála Cógas an Aontais Eorpaigh ar threo straitéiseach agus tosaíochtaí an líonra a mhúnlú agus a chomhaontú. Fágann sé sin iarrachtaí aontaithe a bheith á ndéanamh ar fud na hEorpa ar thionscnaimh chomhordaithe a chur chun feidhme agus a chur i gcrích chun sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe a chosaint.

Siod é an dara cruinniú de Cheannairí na nGníomhaireachtaí Leigheasra le linn Uachtaránacht na hÉireann, a thionólfar go fíorúil tar éis an chruinnithe ar an láthair a thionólfar i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 2026.