Is é atá i Lá Eorpach na hIomaíochta comhdháil ardleibhéil arna heagrú ag gach Uachtaránacht AE.
Mar gheall ar dhlí na hiomaíochta, cinntítear go bhfeidhmíonn an margadh aonair chun leasa cách uile, rud a fhágann praghsanna níos ísle, rogha níos fearr agus breis nuálaíochta a bheith ann.
Ar Lá Eorpach na hIomaíochta, tagann ionadaithe ó na Ballstáit agus acadóirí agus saineolaithe tionscail le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus ar an gcuma a bheidh ar an mbeartas iomaíochta amach anseo. Beidh deis ann ar aithne a chur ar chomhghleacaithe sa réimse agus ar dhul i mbun plé leo.
An oíche roimh an gcomhdháil, reáchtálfar imeacht cultúrtha le haghaidh na ndaoine a bheidh i láthair aici, agus caithfidh siad dinnéar. Le linn na comhdhála, déanfar príomhóráidí agus déanfaidh painéal daoine plé ar réimse téamaí iomadúla.