Tiocfaidh Ionadaithe Míleata Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le chéile i mBaile Átha Cliath dá Laethanta Allamuigh seanbhunaithe faoi chuimsiú Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Is cruinniú ardleibhéil é Lá Allamuigh Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh ina dtagann ionadaithe sinsearacha míleata ó gach cearn den Aontas Eorpach le chéile chun plé a dhéanamh ar na príomh-shaincheisteanna cosanta agus slándála a gcaithfidh an Eoraip dul i ngleic leo san am i láthair.
Cuireann Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh comhairle mhíleata ar chinnteoirí an Aontais Eorpaigh, agus déanann sé moltáí dóibh, maidir le nithe i dtaca leis an mbeartas cosanta, i dtaca le bainistiú géarchéime, agus i dtaca le misin faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh.