Seachtain an Mhisin um Chomhaontú Ithreach don Eoraip, 2026

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Tarracóir ag gluaiseacht thar pháirc

Eolas praiticiúil

Dáta

17 - 18 Samhain 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Is í Seachtain an Mhisin um Chomhaontú Ithreach don Eoraip an t-imeacht suaitheanta bliantúil de Mhisin sin an AE dar teideal 'Comhaontú Ithreach don Eoraip' agus bíonn deis ag geallsealbhóirí lena linn ar an dul chun cinn a athbhreithniú, ar eolas a mhalartú, agus ar chomhar a neartú chun tacú le hithreacha sláintiúla ar fud na hEorpa.

Tá ithreacha sláintiúla bunriachtanach do tháirgeadh inbhuanaithe bia, do mhaolú ar an athrú aeráide agus d'oiriúnú don athrú aeráide, do chosaint na bithéagsúlachta, agus do gheilleagair thuaithe athléimneacha. Tá ról lárnach ag an Misean sin an Aontais dar teideal ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ i ndáil le breis dul chun cinn a dhéanamh i leith ithreacha sláintiúla ar fud na hEorpa, lena n-áirítear trí Shaotharlanna Beo agus Tithe Solais a bhunú agus trí ghníomhaíochtaí comhordaithe taighde agus nuálaíochta.

San imeacht, tiocfaidh an dúrud daoine ón Eoraip agus ó thíortha lasmuigh den Eoraip le chéile, lena n-áirítear ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ó na Ballstáit agus ó thíortha comhlachaithe; lucht ceaptha beartas a bhíonn ag plé leis an talmhaíocht, leis an gcomhshaol agus le taighde; rannpháirtithe i dtionscadail arna gcistiú faoin Misean um Chomhaontú Ithreach don Eoraip, Saotharlanna Beo agus Tithe Solais; eagraíochtaí a dhéanann taighde; feirmeoirí agus seirbhísí comhairleacha; geallsealbhóirí tionscail; eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta; agus gníomhaithe eile a bhíonn ag plé le sláinte ithreach agus bainistiú inbhuanaithe ar thalamh.

San imeacht freisin, beidh deis ag geallsealbhóirí Éireannacha — lena n-áirítear taighdeoirí, feirmeoirí, seirbhísí comhairleacha, lucht déanta beartas agus lucht tionscail — ar oibriú i gcomhar go díreach le comhpháirtithe Eorpacha agus ar rannchuidiú le gníomhaíochtaí leanúnacha de chuid an Mhisin um Chomhaontú Ithreach don Eoraip.