WIRE 2026 – Réigiúin na haimsire atá le teacht: Ról na Nuálaíochta Inbhuanaithe in iomaíochas na hEorpa

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Pailléad d’earraí de chuid an Aontais Eorpaigh atá á n-iompar

Eolas praiticiúil

Dáta

2 - 3 Nollaig 2026

Suíomh

Luimneach, Éire

Eagraí

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Príomhfhóram beartais Eorpach ina ndírítear ar an nualaíocht agus ar an bhforbairt réigiúnach is ea 'Seachtain na Réigiún Nuálách san Eoraip' (WIRE).

Fóram is ea WIRE 2026 ina dtagann lucht ceaptha beartas, údaráis réigiúnacha, institiúidí taighde agus gnólachtaí le chéile chun plé a dhéanamh ar chleachtais, ar dhúshláin agus ar dheiseanna taighde agus nuálaíochta i réigiúin uile na hEorpa. San imeacht, bíonn caoi ag páirtithe leasmhara freisin ar aghaidh a thabhairt ar phríomhábhair spéise don phobal, ar iad a fhorbairt agus ar iad a chur chun cinn agus déantar scrúdú ann ar chláir chistiúcháin sin an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a bhaineann le taighde agus nuálaíocht.

Faoin téama 'WIRE 26 - Réigiúin na haimsire atá le teacht: ról na nuálaíochta inbhuanaithe in iomaíochas na hEorpa’, faoi scáth WIRE 2026, comhchruthófar straitéisí le haghaidh fás réigiúnach inbhuanaithe, agus tabharfar léargas ar éachtaí agus nuálaíochtaí réigiúnacha ó gach cearn den Eoraip. Éascófar ann malartú eolais idir institiúidí AE, gníomhaithe réigiúnacha, agus tionscadail de chuid an chláir 'Fís Eorpach', agus neartófar ann an fhorbairt chomhoibríoch ar bheartais atá i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le straitéisí um speisialtóireacht chliste (S3).

I WIRE 2026, tiocfaidh lucht ceaptha beartas, nuálaithe, acadóirí, FBManna agus saoránaigh de chuid na hEorpa le chéile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An ghné réigiúnach den iomaíochas agus den nuálaíocht a neartú tríd an ngníomhaíocht áitiúil a chur i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais: An Compás Iomaíochais, an Comhaontú Glas don Eoraip, an Neamhspleáchas Straitéiseach, agus an Clár Oibre Eorpach um Nuálaíocht.

  • Gníomhaithe réigiúnacha a chur sa riocht go bhféadfaidh siad a bheith ina gcomhcheannairí i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda: an aeráid, an tslándáil, an dícharbónú agus aistrithe teicneolaíochta.

  • Dul chun cinn a spreagadh i leith éiceachórais nuálaíochta Eorpacha atá comhtháite, cuimsitheach agus athléimneach, i bhfianaise an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo agus CAI tar éis 2027.

  • Léargas nithiúil agus torthaí beartais nithiúla a sholáthar d'fhonn bonn a chur faoi straitéisí AE a bheidh ann amach anseo.

  • Gníomh iardain a dhéanamh i leith na dtorthaí a bhí ar chomhdhálacha roimhe seo sa tsraith WIRE.