Chun todhchaí eacnamaíoch slán a sholáthar a chomhlíonann riachtanais agus ionchais a muintire, ní mór don Eoraip gníomhú go práinneach chun a hiomaíochas agus a táirgiúlacht a fheabhsú.
Soláthraíonn an Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin, arna chomhaontú ag an gComhairle, an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa, treoirphlean chun dul chun cinn cinntitheach a bhaint amach in 2026. Pléifimid le cuspóirí an Treochláir mar phríomhthosaíochtaí d’Uachtaránacht na hÉireann.
I bhfianaise phráinn na hoibre, tá na spriocanna an-uaillmhianach agus dúshlánach. Úsáidfimid na huirlisí go léir atá ar fáil don Uachtaránacht chun comhaontú a éascú ar na comhaid tosaíochta i gcomhréir leis na spriocanna comhaontaithe. Chun rath a bhaint amach, beidh ar na Ballstáit go léir agus ar gach institiúid oibriú le chéile go diongbháilte i spiorad comhair agus comhréitigh, ar mhaithe le gach saoránach agus gnólacht ar fud ár nAontais.
Cúig bhloc tógála straitéiseacha chomhaontaithe a threoróidh ár gcuid oibre:
Rialacha a shimpliú
Laghdóimid ualaí riaracháin neamhriachtanacha trí thosaíocht a thabhairt do na pacáistí simpliúcháin Omnibus.
Tabharfaimid tús áite do chreat rialála níos cliste agus níos comhtháite. Seo an eochair chun forbairt thapa éifeachtúil a dhéanamh ar bhonneagar ríthábhachtach, fuinneamh glan inacmhainne, tithíocht inacmhainne agus nuáil dhigiteach.
Margadh Aonair níos comhtháite
Is é an Margadh Aonair bunús gheilleagar agus rathúnas na hEorpa. Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann chun bacainní a dhíchur, dul i ngleic le hualaí rialála, trádáil sa mhargadh inmheánach a threisiú, claochlú digiteach a spreagadh agus Cothrom na Féinne a chinntiú do ghnólachtaí atá ag feidhmiú ar fud an AE.
Déanfaimid níos éasca é do ghnólachtaí gnó a thosú agus a mhéadú go réidh ar fud an Aontais, lena n-áirítear tríd an togra EU Inc.
Tá sé in am céim chinntitheach chun cinn a ghlacadh maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, agus chun cabhrú le coigilteas suntasach na hEorpa a threorú i dtreo infheistíochtaí níos táirgiúla.
Tacú le Trádáil láidir
I gcroílár ár n-iarrachtaí freisin beidh clár oibre uaillmhianach um beartas trádála, a neartóidh ár gcaidrimh trádála le comhpháirtithe domhanda iontaofa agus a éagsúlóidh ár margaí.
Tacóidh Uachtaránacht na hÉireann le hiarrachtaí an AE chun athléimneacht eacnamaíoch a neartú. Arna dtreorú ag na prionsabail um chosaint-tacú-chomhpháirtiú a thacaíonn lenár slándáil eacnamaíoch, oibreoimid chun athléimneacht ár slabhra soláthair a neartú.
Aistriú fuinnimh
Tacóimid le gach iarracht chun freagairt don ghéarchéim fuinnimh eisceachtúil atá roimh an Eoraip.
Tabharfaimid tús áite d'obair chun slándáil soláthair na hEorpa a fheabhsú agus chun córais fuinnimh inbhuanaithe, inacmhainne, shlána a fhorbairt.
Cuirfimid Pacáiste Eangacha na hEorpa i gcrích agus cuirfimid chun cinn an Pacáiste Slándála Fuinnimh atá le teacht.
Tacóimid le bearta chun cosaint agus athléimneacht an bhonneagair fuinnimh a chinntiú, agus oibreoimid chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan a bhrostú agus chun deireadh a chur le spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise de réir a chéile.
Digiteáil/Intleacht Shaorga (IS)
Féachfaimid le hacmhainní an AE i néalríomhaireacht agus intleacht shaorga (IS) a neartú, agus seasamh an Aontais maidir le rialachas digiteach freagrach a chur chun cinn.
I ré seo an athraithe teicneolaíochta chlaochlaithigh, tionólfaimid rialtais agus páirtithe leasmhara do Chruinniú Mullaigh IS a dhíreoidh ar dheiseanna digiteacha agus IS a thapú, agus cumhacht a thabhairt dár ndaoine chun rathú i sochaí dhigiteach ag an am céanna.
Cuirfimid obair ar nascacht dhigiteach agus líonraí digiteacha chun cinn, agus díreoimid ar infheistíocht i nascacht teileachumarsáide faoi uisce agus i slándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí.
Chun an obair seo a chomhlánú, déanfaimid tús áite a thabhairt d’obair earnála chun tacú le feirmeoireacht agus iascaireacht iomaíoch, inbhuanaithe; timpeallacht rialála agus beartais atá níos cairdiúla don nuáil a chruthú; soghluaisteacht oideachais a chur chun cinn trí Erasmus+; agus infheistíocht a chur chun cinn agus athléimneacht a neartú in earnálacha straitéiseacha agus earnálacha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear IS, leathsheoltóirí, bith-theicneolaíocht agus teicneolaíochtaí nua.
Is sochaithe táirgiúla agus iomaíocha iad sochaithe sláintiúla. Beidh nuáil sláinte ina rannpháirtí lárnach in iomaíochas agus i gceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa. Cuirfimid reachtaíocht maidir le bith-theicneolaíocht agus feistí leighis chun cinn ar mhaithe le nuáil, athléimneacht agus iomaíochas na hearnála seo a spreagadh.