Tá ár nAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a léirítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is iad ár luachanna comhroinnte, lena n-áirítear iad siúd atá i gCairt na NA agus i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine an bhuncharraig a fhágann gur áit mhaith í an Eoraip le maireachtáil agus le hobair inti, agus is iad atá mar bhonn lenár n-iomaíochas agus lenár slándáil. Anois níos mó ná riamh, ní mór don AE na luachanna sin a chosaint agus a chaomhnú laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain.
Leanann an Úcráin uirthi ag seasamh in aghaidh an ionsaithe bhrúidiúil atá an Rúis a dhéanamh ar a muintir agus ar a críoch. Mar thoradh ar ionsaí leanúnach na Rúise, tá daoine ag fulaingt go mór agus tá damáiste á dhéanamh do bhonneagar, geilleagar, comhshaol agus córais shóisialta na tíre, rud a chuir iallach ar go leor Úcránach teitheadh óna dtithe agus óna dtír féin. Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann chun tacaíocht dhochloíte an Aontais don Úcráin a fheabhsú i bhfianaise chogadh ionsaitheach mídhleathach na Rúise. Beidh tacaíocht pholaitiúil, mhíleata agus airgeadais leanúnach don Úcráin, chomh maith le brú ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí láidre, ina dtosaíocht. Leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann de bheith ag éileamh go mbeidh síochán chóir mharthanach ann san Úcráin. Ní mór seasamh leis an mbunphrionsabal nach féidir teorainneacha a athrú le teann fornirt.
Oibreoimid chun ról an AE mar ghníomhaí domhanda prionsabálta a neartú. Áirítear leis seo tacaíocht láidir don iltaobhachas agus don ord dlí idirnáisiúnta. Coinneoimid tacaíocht agus rannpháirtíocht leis na NA agus leis an gcóras iltaobhach níos leithne, agus leanfaimid orainn ag cur cearta an duine chun cinn, lena n-áirítear cearta na mban, comhionannas inscne agus cearta daoine LADTIA+, an daonlathas agus an smacht reachta.
Cuirfimid rannpháirtíocht ghníomhach chun cinn d’fhonn tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil bhuan sa Mheánoirthear, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcoimhlint idir Iosraelaigh agus Palaistínigh, agus sinn ag athdhearbhú thiomantas an AE do réiteach an dá stát. Oibreoimid chun deireadh a chur leis an staid dhaonnúil uafásach in Gaza agus an staid atá ag dul in olcas sa Bhruach Thiar. Tacóimid le hiarrachtaí an AE i leith síochán, slándáil agus cobhsaíocht a bheith ann sa Liobáin agus sa tSiria, agus leis na hiarrachtaí i leith na coimhlinte sa Mhurascaill, coimhlint a raibh tionchair shuntasacha réigiúnacha agus dhomhanda aici.
An taithí atá againn ar chothú na síochána ar oileán na hÉireann, is léiriú í ar an tábhacht dhomhain a bhaineann le hidirphlé, comhpháirtíocht agus tacaíocht idirnáisiúnta leanúnach. Léiríonn an rath a bhí ar an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann cúinsí uathúla an oileáin seo. Baineadh an rath sin amach trí thiomantas pobal agus institiúidí agus thacaigh an tAontas Eorpach leis. Tá tacaíocht ón AE, lena n-áirítear tríd an gclár PEACEPLUS, fós ina bonn taca le hiarrachtaí chun athmhuintearas a neartú, tuiscint níos fearr a fhorbairt agus todhchaí síochánta comhroinnte a chothú le chéile.
Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann ardán ar fáil do phlé straitéiseach ar thodhchaí an chomhair um fhorbairt agus ar dhúshlán leanúnach na bochtaineachta, agus aitheantas á thabhairt againn gurb iad an AE agus a Bhallstáit an soláthraí Cúnaimh Oifigiúil Forbraíochta is mó ar domhan anois. Beidh aird an AE ag teastáil ó thionchar géarchéimeanna geopholaitiúla ar chobhsaíocht eacnamaíoch, lena n-áirítear an staid sa Mhurascaill. Go háirithe, beidh fócas práinneach ar an ionchas maidir le slándáil bia san Afraic agus níos faide anonn.
Feicimid an próiseas méadaithe mar phríomhléiriú ar ár luachanna, agus mar infheistíocht i síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ar fud na hEorpa. Creidimid gur féidir lenár gcomh-Eorpaigh i dtíortha is iarrthóirí leas a bhaint as buntáistí shaoránacht an AE, agus neartófar an tAontas ina iomláine leis an gcion polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a thugann Ballstáit nua. Go háirithe, oibreoimid i dtreo chríochnú na gcaibidlíochtaí aontachais le Montainéagró, agus féachfaimid le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i gcaibidlíochtaí leis an Albáin, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin.
Cuirfimid an smacht reachta chun cinn laistigh den Aontas, ar fud na mBallstát uile, agus i dtíortha is iarrthóirí. I ré ina bhfuil ceist á cur faoinár luachanna daonlathacha, déanfaimid iarracht athléimneacht dhaonlathach an AE a neartú trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh amhail an Sciath Eorpach don Daonlathas agus Straitéis an AE maidir leis an tSochaí Shibhialta. Leagfaimid béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh beartas agus cinnteoireacht an AE bunaithe ar ionchur ónár ndaoine agus ón tsochaí shibhialta.
Tacóidh an Uachtaránacht le hiarrachtaí chun athléimneacht an daonlathais a neartú agus saoránaigh a chosaint ar líne, lena n-áirítear trí chomhar maidir le bréagaisnéis, coiriúlacht ar líne agus sábháilteacht leanaí i dtimpeallachtaí digiteacha. Léirigh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a éifeachtacht phraiticiúil mar uirlis chun an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint, agus cothromaíocht á baint amach idir saoirsí agus freagrachtaí na n-ardán ar líne agus iompraíochtaí na n-ardán á n-athrú trí oibleagáidí agus grinnscrúdú. Agus sinn ag cur leis an dul chun cinn sin, oibreoimid chun a áirithiú go leanfar den dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach cothrom an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a spreagadh mar chuid de shraith uirlisí rialála ar líne na hEorpa.
Cuid lárnach de chearta agus luachanna bunúsacha an AE is ea cosaint agus folláine ár leanaí. Tá sé de cheart acu taitneamh a bhaint as óige inar féidir leo bláthú, naisc shláintiúla a fhorbairt le leanaí eile agus iad féin a chur in iúl gan bhac. Tá sé ar cheann de phríomhdhúshláin ár linne a chinntiú gur spás é an domhan ar líne atá sábháilte agus sláintiúil do leanaí. Is príomhthosaíocht de chuid ár nUachtaránachta a bheidh ann sábháilteacht ar líne a neartú, go háirithe sábháilteacht leanaí ar líne. Áireofar leis sin cinneadh a mholadh ar leibhéal an Aontais maidir leis an lán-aois dhigiteach agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá bearta láidre fíoraithe aoise a chosnaíonn an phríobháideacht. San áireamh leis sin freisin, áfach, ní mór éisteacht le tuairimí leanaí maidir lena bhfuil i gceist le domhan sábháilte ar líne. Ina theannta sin, tabharfaimid tús áite don obair ar bhearta reachtacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac.
Féachfaidh Uachtaránacht na hÉireann le cur chuige an AE i leith comhionannais, cuimsitheacht shóisialta, neamh-idirdhealaithe agus chosaint chearta na mionlach a neartú i gcomhréir le straitéisí athnuaite Aontas an Chomhionannais. Seasfaimid an fód do rannpháirtíocht iomlán daoine faoi mhíchumas i saol sóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa.
Oibreoimid chun tacú le samhail socheacnamaíoch a leagfaidh béim ar athléimneacht shochaíoch, ar chuimsiú agus ar chomhtháthú, agus tabharfaimid tionscnaimh ar aghaidh maidir le fostaíocht, ag tacú le poist dea-cháilíochta laistigh de mhargaí saothair nua-aimseartha. Féachfaimid le sláinte dhaonra na hEorpa a fheabhsú trí chosc agus trí nuáil sláinte.
Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann béim ar luach intreach chultúr na hEorpa agus ár n-oidhreachta spóirt, agus díreofar ar spóirt thraidisiúnta a chur chun cinn.