Bozar

Musical quartet playing in front of a black background with the words 'how you failed and why'
Mar chuid de ‘Cultúr 2026’, is in Bozar na Bruiséile a reáchtálfar clár ildisciplíneach ina ndéanfar ceiliúradh ar shaibhreas agus éagsúlacht an chleachtais ealaíne Éireannaigh chomhaimseartha i ngort an cheoil, i ngort na litríochta, i ngort na scannánaíochta agus i ngort na súiteán digiteach. Tá an clár, ina dtugtar léargas ar shaothar ealaíontóirí seanbhunaithe agus ar shaothar ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, ina léiriú ar chultúr beo beathach a bhíonn á mhúnlú trí thriail, trí chomhar, agus trí mhalartú, agus scrúdaítear téama na féiniúlachta, téama na himirce, téama na cuimhne, téama na teicneolaíochta agus téama an cheangail dhaonna ann.

Dlúthchuid den chlár is ea an ceol agus an léiriú closamhairc beo. Déanfaidh Jennifer Walshe agus Philip Venables The Alonetimes a chur i láthair sa Bheilg den chéad uair. Saothar úr comhoibríoch is ea é ina ndéantar scrúdú ar chaidrimh chomhaimseartha agus ar an gcumarsáid dhigiteach trí bhíthin giotaí de scéalta gutha. Rachaidh Sega Bodega i mbun a léirithe closamhairc bheo chaithisigh, i.e. unadulter8, in Bozar, ina ndéantar an ceol leictreonach, na fuaimeanna mórthimpeall agus an dearadh físe trialach a shníomh le chéile. In A Forbidden Distance le Saint Abdullah, Eomac agus Rebecca Salvadori, déantar fuaimeanna, scannáin agus ábhar ón gcartlann a fhuineadh le chéile d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar theorainneacha, ar an gceangal a dhéantar trí fheidhm a bhaint as meáin éagsúla agus ar sholaoidí d’easáitiú daoine.

In imeacht liteartha speisialta ar shaothar Maggie O’Farrell, beidh deis ag daoine ar eolas a chur ar shaothar duine de na húrscéalaithe is mó le rá sa litríocht chomhaimseartha, agus beidh an scannánaíocht agus an íomhá ghluaisteach ina ndlúthchuid den chlár ó thus go deireadh. Déanfaidh Gerard Byrne clár léirithe agus caint ar an ealaín a chur i láthair ina scrúdófar a chleachtas ildisciplíneach siúd sa scannánaíocht, sa ghrianghrafadóireacht agus san fhoilseoireacht. I mórchlár gar-amhairc trí lá ina ndíreofar ar Vivienne Dick, scannánóir agus ealaíontóir, déanfar a saothar sin a rianú, ón ngluaiseacht No Wave i Nua-Eabhrac anuas go dtí a scannáin dhéanacha arna ndéanamh in Éirinn agus san Eoraip.

Beidh súiteán digiteach úr le Basil Al-Rawi, ina ndéantar an t-idirphlé idir an teicneolaíocht, an cultúr comhaimseartha agus an cleachtas ealaíne a leathnú, ina chuid den chlár freisin.

Tríd is tríd, sa chlár in Bozar, leagfar béim ar a fhairsinge atá cultúr comhaimseartha na hÉireann agus ar an idirphlé a bhíonn ar bun idir é agus an Eoraip trí bhíthin malartú ealaíne, trí bhíthin comhair agus trí bhíthin taithí chomhroinnte.