Cuimhne agus Séadchomhartha

Image of folded and intertwined jade fabric on a grey background
Tabharfaidh an t-ealaíontóir Éireannach Richard Malone léargas ar shuiteán uaillmhianach a bhaineann go sonrach le háit ar leith agus ar shaothair amharc-ealaíne, ceardaíochta agus grianghrafadóireachta éagsúla a roghnaíodh go cúramach. Beidh an taispeántas ar siúl in Aitriam Justus Lipsius, in Áras Europa, agus sna dorchlaí agus na seomraí atá taobh leis, agus taispeántas idirghníomhach is ea é atá bunaithe ar dhéantús, ar an gcuimhne, agus ar bhrí a bheith á cur in iúl san ealaín.

Sa saothar, a cuireadh i gcrích i gcomhar le healaíontóirí ó gach cearn d’oileán na hÉireann, thuaidh agus theas, tugtar réimse cleachtas le chéile trí bhíthin idirphlé, rud atá ina léiriú ar spás cruthaitheach comhroinnte a bhíonn á athmhúnlú trí chomhar agus trí mhalartú.

Thar aon ní eile, in ‘Cuimhne agus Séadchomhartha’, tarraingítear ar na spásanna ina gcruinníonn daoine – an margadh, an chearnóg, an amharclann, an puball, an baile – áiteanna atá sealadach ach bunriachtanach ina dhiaidh sin féin, agus bhíonn á mhúnlú ag úsáid, gluaiseacht, agus taithí chomhroinnte. Trí na tagairtí úd, is féidir cuimneamh ar an dóigh a dtagann pobail le chéile agus ar an dóigh a dtagann cultúr chun cinn le himeacht aimsire.

Tá an t-éadach ina dhlúthchuid den saothar agus é ina ábhar aontaitheach; dromchla a bhfuil rian an tsaothair, na féiniúlachta agus an mhalartaithe air. Is léiriú é ar stair chomhroinnte déantúis, ach a ndéantaí, i dtraidisiúin na fíodóireachta, an taithí phearsanta a nascadh le mór-insintí cultúrtha agus stairiúla.

I ngach cuid den suiteán agus de na saothair lena chois, tá cleachtais atá bunaithe ar fhuáil, ar phátrúin agus ar theicstílí ina léiriú ar thraidisiúin na ceardaíochtaí Éireannaí agus an ceangal eatarthu sin i gcultúir éagsúla trí thrádáil, trí ghluaiseacht agus trí dhéantús; modhanna déantúis iad sin nach dtuigtear, arís agus arís eile, gur gnéithe luachmhara agus bunriachtanacha iad den stair chomhroinnte agus de stair na healaíne. Ar an gcuma sin, is léiriú é an taispeántas ar an gcultúr a bheith á mhúnlú trí eolas comhroinnte, trí chleachtais atá ag teacht chun cinn, agus trí mhalartuithe atá ar bun.

Sa saothar seo, thar aon ní eile, is rud í an chuimhne nach bhfuil seasta, ach a bhíonn á cothú i dtólamh – trí ábhar, trí áiteanna, agus trí dhaoine a bheith ag cruthú i dteannta a chéile.