Réaltbhuíonta

Montage of images of diverse cultural performances on a blue background
Ceolchoirm Oscailte Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 2026, an Bhruiséil agus Lucsamburg: In Réaltbhuíonta – arb é an Ghaeilge ar ‘constellation’ é, arb é ‘claí réaltaí’ ciall cheart an fhocail – tiocfaidh ceoltóirí, rinceoirí agus ealaíontóirí mór le rá, a bhíonn, ina gcuid saothar, ag déanamh fairsingiú ar na deiseanna atá ann mar gheall ar an gceol Gaelach traidisiúnta comhaimseartha, agus ag baint athchiall astu sin, le chéile.

Sa cheolchoirm, ar gnéithe ar leith a bheith ag teacht le chéile ar feadh tamall beag is bunús lena hainm, tabharfar léargas ar an gceol traidisiúnta comhaimseartha mar ní atá beo beathach agus de shíor ag athrú: a bhfuil an dúchas go smior ann, ach a bhíonn á athmhúnlú go síoraí seasta tríd an gcomhoibriú, tríd an gcomhar agus trí mhalartú.

Tá an clár, a chuirfear i láthair i gceolchoirm oscailte Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 2026, sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, ina léiriú ar an dóigh a mbíonn ceol, daoine agus smaointe ag gluaiseacht gan beann ar theorainneacha agus ar an dóigh a mbídís ag gluaiseacht i dtraidisiúin éagsúla. I gcroílár an chláir tá an basúcaí, gléas ceoil a tháinig ar an bhfód sa Mheánmhuir Thoir agus ar cuid den cheol Gaelach traidisiúnta sa lá atá inniu ann é mar gheall ar eolas a bheith á chur

ag daoine ar chultúir a chéile le himeacht aimsire agus mar gheall ar an gceangal atá idir tíortha na hEorpa.

In áit buíon cheoil sheasta a bheith ann, is amhlaidh a insítear scéal Réaltbhuíonta trí shraith de ghiotaí ceoil. Tagann ealaíontóirí a fáisceadh as traidisiúin agus cleachtais éagsúla le chéile d’fhonn ceol a sheinm i dteannta a chéile. Is i mbuíonta ar leith a dhéanann siad amhlaidh agus tagann athrú ar na buíonta úd i rith an ama. Ar an gcaoi sin, cruthaítear léiriú a mhúnlaítear trí idirphlé, trí mhothálacht, agus trí éisteacht i gcomhar.

Tugtar léargas ar shaothar Aoife Uí Bhriain, ar shaothar Chormaic McCarthy, ar shaothar Sam Comerford, ar shaothar Mhacdara Uí Fhaoláin agus ar shaothar Chormaic Begley sa chlár, agus is cur chuige suaithinseach atá ag gach duine acu sin i leith an cheoil Ghaelaigh thraidisiúnta agus i leith fhorbairt chomhaimseartha an cheoil Ghaelaigh thraidisiúnta. Le cois a saothair sin, tugtar léargas ar shaothar ealaíontóirí a bhíonn ag plé le seánraí éagsúla, Niwel Tsumbu agus Francesco Turrisi ina measc sin, a bhfuil lorg thraidisiúin an Chongó, lorg thraidisiúin na Meánmhara, lorg na dtraidisiún moch, lorg thraidisiúin an tsnagcheoil, lorg na dtraidisiún dúchasach, agus lorg thraidisiúin an cheoil ar an tseanstíl, ar a gcuid saothar.

Tá an rithim agus an ghluaiseacht ina ndlúthchuid den léiriú i saothar Shibéal Davitt agus Stephanie Keane, a bhfuil, mar gheall ar a rince buailteach sin, gné fhísiuil agus fhisiceach ag roinnt leis an gceol. Is amhlaidh a dhíríonn ealaíontóir na mbriathra béil, Ciara Ní É, ar an teanga sa léiriú mar fhoirm eile rithime, téagair, agus léirithe.

I gcaitheamh na hoíche, téitear i mbun ceoil i gcomhar agus ar leithligh, déantar ceol i mbuíonta, scarann na buíonta sin ó chéile, agus tagann siad le chéile athuair agus cló úr orthu. Ní ceol aontaithe amháin a bhíonn ann ar deireadh, ach teacht le chéile sealadach guthanna agus traidisiún - réaltbhuíon fuaime a mhaireann ar feadh scaithimh.

Trí Réaltbhuíonta, déantar, thar aon ní eile, ceiliúradh ar an gceol Gaelach traidisiúnta mar chleachtas beoga , forásach: ceann a bhíonn á mhúnlú ag an gcuimhne, ag an ngluaiseacht, agus ag an teagmháil, agus a bhíonn á athnuachan go síoraí trí bhíthin malartuithe.