An Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta ar an Intleacht Shaorga

Cruinniú Mullaigh
Íomhá dhoiléir d'fhorhalla ghnó

Eolas praiticiúil

Dáta

14 Deireadh Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 2026, is in Éirinn a thionólfar an Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta ar an Intleacht Shaorga, agus Mí na Nuálaíochta Eorpaí san Intleacht Shaorga á seoladh go hoifigiúil.

San imeacht suaitheanta seo, a bheidh ar siúl an 14 Deireadh Fómhair 2026 i mBaile Átha Cliath, tiocfaidh ceannairí AE agus ceannairí domhanda, Cinn Rialtais, Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin, infheisteoirí, nuálaithe, agus acadaóirí, le chéile.

Is é a bheidh sa Chruinniú Mullaigh ná imeacht ardleibhéil ina ndéanfar plé, ina n-oibreofar i gcomhar le chéile agus ina rachfar i mbun idirphlé straitéiseach i leith na ndeiseanna atá ann ar an Intleacht Shaorga a chur i bhfeidhm san Eoraip agus ar fud an domhain san am atá le teacht.

'Conair na hEorpa ionsar Cheannaireacht san Intleacht Shaorga,' téama an Chruinnithe Mullaigh. Mar chuid den téama sin, déanfar scrúdú ar conas a d'fhéadfadh an Eoraip treisiú leis an stádas atá aici sa domhan ó thaobh na hIntleachta Saorga feidhmí agus iontaofa de, agus fós tacú le nuálaíocht, iomaíochas agus leis an Intleacht Shaorga a bheith á húsáid ar bhealach freagrach.

Sa Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta ar an Intleacht Shaorga, neartófar stádas na hEorpa mar cheannaire domhanda san Intleacht Shaorga fheidhmeach agus fós léireofar láidreachtaí sainiúla na hÉireann mar mhol don nuálaíocht, don teicneolaíocht agus don chomhar chun iomaíochas agus táirgiúlacht a chothú.

Ionad ar leith is ea Éire agus is cuí gur ann a bheidh an cruinniú idirnáisiúnta seo ar siúl óir sé cinn déag den fhiche cuideachta teicneolaíochta domhanda is mó rath sa domhan agus ocht gcinn de na príomhsholáthraithe samhlacha IS bunúsaí, is in Éirinn atá an phríomhbhunaíocht atá acu san Aontas Eorpach. Dá réir sin, agus fara taighde den chéad scoth, lucht saothair ardoilte, gnólachtaí nuathionscanta fiontraíocha agus cuideachtaí Eorpacha seanbhunaithe, is éiceachóras nuálaíochta éagsúil agus an-nasctha an t-éiceachóras atá ann. Toisc gur in Éirinn atá an dúrud cuideachtaí teicneolaíochta domhanda agus IS lonnaithe, bíonn lucht déanta taighde, an lucht tionscail agus lucht ceaptha beartas ag obair i gcomhar le chéile d'fhonn an nuálaíocht i leith IS a thabhairt chun fíoraithe i bhfad is i ngearr.

Sa Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta ar an Intleacht Shaorga, leagfar béim ar an dóigh a bhféadfadh an Eoraip leas a bhaint as an timpeallacht chomhoibríoch sin chun a ceannaireacht dhomhanda san Intleacht Shaorga fheidhmeach agus iontaofa a neartú. Ag an am céanna, léireofar ann conas a fhágann bonneagar digiteach, bonn sárchumais agus comhtháthú ilnáisiúnta na hÉireann gur nasc dearscnaitheach í idir an nuálaíocht dhomhanda agus scála margaidh na hEorpa.

San imeacht seo, beidh deis thábhachtach ag na geallsealbhóirí Eorpacha agus na geallsealbhóirí idirnáisiúnta ar dhul i mbun idirphlé le chéile. Trí chinnteoirí sinsearacha, nuálaithe agus ceannródaithe a thabhairt le chéile san aon áit amháin, sa Chruinniú Mullaigh ar an Intleacht Shaorga, beifear in ann tuairimí a mhalartú, ar bhealach fóinteach, ar na deiseanna atá ann mar gheall ar an Intleacht Shaorga a bheith á húsáid mó sa mhó. Leagfar béim ann freisin ar dhiongbháilteacht na hEorpa IS a bheidh iomaíoch, nuálach, freagrach agus i gcomhréir le luachanna daonlathacha a fhorbairt.

Mar chuid den Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta ar an Intleacht Shaorga, caithfear lá iomlán ag déanamh idirphlé agus plé ar ardleibhéal. Tabharfaidh Airí éagsúla aithisc agus déanfaidh ceannairí domhanda príomhóráidí, agus is iad na haithisc is na príomhóráidí sin comhthéacs straitéiseach a bhfuil i ndán don Eoraip ó thaobh na hIntleachta Saorga de. Sna haithisc is na hóráidí sin, scrúdófar na fórsaí beartais, eacnamaíocha agus teicneolaíocha a bhfuil an chéad chéim eile den nuálaíocht á múnlú acu. Le cois na bpríomhóráidí, beidh plé painéil ann mar aon le comhráite saoráideacha a fhágfaidh caoi a bheith ag lucht ceaptha beartas, ceannairí tionscail agus saineolaithe acadúla ar théamaí ríthabhachtacha a fhiosrú lena n-áirítear iomaíochas, Intleacht Shaorga iontaofa, bonneagar digiteach, infheistíocht, maille le forbairt scileanna agus sárchumais.

Le cois an phlé straitéisigh úd, is amhlaidh a dhéanfar, sa Chruinniú Mullaigh, sraith de dhianscrúduithe ar earnálacha san Eoraip d'fhonn na deiseanna i leith IS a bheidh ann san am atá le teacht i réimsí tosaigh de chuid an gheilleagair agus de chuid na sochaí a chíoradh. Sa Chruinniú Mullaigh, tabharfar solaoidí praiticiúla ar IS a bheith glactha agus comhar a bheith déanta ina leith, agus cuirfear béim ar na solaoidí sin, agus, ar an gcaoi sin, léireofar conas mar a bhíonn réitigh IS á n-úsáid ag gnólachtaí, seirbhísí poiblí agus institiúidí taighde chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht, chun seirbhísí úra a sholáthar, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta sa tsochaí.

Ní fearr áit ná Éire chun dul i mbun an chomhrá idirnáisiúnta seo inti agus déanfaidh Éire cion nach beag leis an gcéad chéim eile de cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga fheidhmeach a mhúnlú. I Straitéis an Rialtais ar an Digiteacht a chothú in Éirinn, 2026, is í an Intleacht Shaorga bun agus barr bheartas na tíre ar an ngeilleagar agus ar an nuálaíocht, rud atá ina léiriú ar a mheáite atá Éire ar a bheith ina mol domhanda le haghaidh na teicneolaíochta agus le haghaidh na fiontraíochta úd atá bunaithe ar shonraí.

Eiseofar mionsonraí maidir le clárú sna míonna atá amach romhainn. Beifear bord ar bhord tuilleadh le cúrsaí, agus cuirfear eolas breise ar an gclár, i gceann na haimsire. Is anseo ar shuíomh gréasáin DETE a bheidh teacht ar bhreis eolais san seachtainí atá le teacht.

Má bhíonn ceisteanna ginearálta agat, déan teagmháil le [email protected]