Cruinniú de Líonra na nDlíodóirí Comhshaoil Eorpacha (NEEL)

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Teochtaí níos airde ná a bhí riamh i nGraonlainn Theas, Meán Fómhair 2024

Eolas praiticiúil

Dáta

6 Samhain 2026

Am

9:00

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Cruinniú de dhlíodóirí comhshaoil Eorpacha, a bhíonn ag obair chun leasa an phobail, chun na príomhfhorbairtí dlithiúla a phlé, chun saineolas a chomhroinnt, agus chun treisiú leis an gcomhar i leith saincheisteanna um dhlí an chomhshaoil.

Sa chruinniú seo de Líonra na nDlíodóirí Comhshaoil Eorpacha (NEEL), tiocfaidh dlíodóirí comhshaoil de chuid na seirbhíse poiblí ó gach cearn den Eoraip maille le comhaltaí ábhartha d’institiúidí an AE le chéile. Is líonra deonach é NEEL.  

Áireofar ann rannchuidithe agus cuir i láthair ó acadóirí, státseirbhísigh, dlíodóirí agus comhaltaí den bhreithiúnacht, maille le hArd-Aighne na hÉireann, rud a fhágfaidh go dtabharfar léargas ar dhearcadh ildisciplíneach ar phríomhfhorbairtí i ndlí an chomhshaoil agus sa bheartas ar an gcomhshaol. Beidh deis ann ar aithne a chur ar dhaoine, ar smaointe agus tuairimí a chomhroinnt maidir le léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na ngnéithe uile de dhlí comhshaoil an AE.

Is é is cuspóir don chruinniú (agus don Líonra i gcoitinne) comhordú a neartú agus tacú le comhroinnt eolais laistigh den Líonra.