Is cruinniú rialta é seo d'ofigigh shinsearacha ar a bhfuil cúram an bheartais foraoiseachta i mBallstáit uile an AE.
Is imeacht tábhachtach i gcónaí é cruinniú neamhfhoirmiúil na Stiúrthóirí Foraoiseachta chun cuidiú le rialachas éifeachtach ar fhoraoisí na hEorpa a choinneáil ar bun, agus fóram uathúil is ea é inar féidir le Stiúrthóirí caidreamh agus naisc a bhunú agus a neartú le comhghleacaithe ó Bhallstáit eile.
Mar gheall ar an imeacht seo a bheith á reáchtáil in Éirinn, beidh deis ar leith ann ar léargas a thabhairt do chomhghleacaithe ó gach cearn den Aontas Eorpach ar fhoraoisí agus foraoiseacht na hÉireann. Is deis é seo d'Éirinn a léiriú go bhfuil rath ar ár n-uaillmhian maidir le foraoisiú, go bhfuilimid tiomanta do phrionsabail agus cleachtais an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí agus gur treise an aeráid, an dúlra, adhmad, daoine agus an geilleagar mar gheall ar ár bhfáschoillte ilfheidhmeacha.